School: Clochar na Trócaire, Baile an Róba
- Location:
- Ballinrobe, Co. Mayo
- Teacher: Na Siúracha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)píosa eile de'n sgadán dó agus bainne. D'fan an cat lei agus bhí sé féin agus an t-sean-bhean an mhór le chéile. Lá amháin chuaidh duine de na fearaí amach. Thug sé a chú leis. "Béidh mé ar ais roimh an oidhche," adeir an fear. Chaith sé an lá ag fiadhach ar an sliabh "Ce'n fáth ar fhan tú chomh mhall seo" adeir an t-sean-bhean leis. Tháinig sé abhaile. Thárla rud aisteach dom," adeir an fear. (Chaith) "D'éirigh ceo trom ar an sliabh árd tranóna agus chuaidh mé amudha. Fá dheireadh shíl mé go bhfaca mé solas uaim. Acht nuair a tháinig mé go dtí an solas d'imtigh sé uaim. Bhí sean-crann mór i n-aice liom. Chuaidh mé suas ar an crann go bfeicfinn cé rinne an solas. Bhí poll an-mhór ins an gcrann. Dhearc mé síos ann agus cad a béadh thiar acht an sl [!] solas. "Sin aisteach" adeir an sean-bhean. Chonnaic mé rud níos aistighe sin ann" adeir an fear. "Cad a chonnaic tú," adeir an t-sean-bhean. "Ní chreidfidh tú mé nuair a cloisfidhs tú é" adeir an fear. "creidfidh mé tú go deimhin." Acht ní raibh an cat in a chodladh. Bí seisean in a shuidhe agus goic air ag éisteacht leis an sgéal. Tosuigh an fear an sgeal annsin. "Connaic mé cónra a raibh coróin óir uirr i lar na h-áite thios fúm" Bhí na céadta cat thart uirri agus iad ag caoineadh "Ó' a tiarcais" adeir an cat a bhí ar an teallach. "Tá sean Tom caillte agus mise Rí na gCat feasta." Chuaidh an cat de leim suas an simléar agus ní fhaca duine ar bith ariamh o shoin é.
- Collector
- Seosa Ní Dhomhnaill
- Gender
- Female
- Informant
- Bean de Búrca
- Relation
- Unknown
- Gender
- Female
- Address
- Ballinrobe, Co. Mayo