Scoil: Maol Raithnighe
- Suíomh:
- Mallaranny, Co. Mayo
- Múinteoir: An tSiúr Philomena
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"bhí ag dul abhaile anois" arsa agus na táraidh arís tobann.
Niorbh fhada gur cailleadh Líam agus chuaidh sé go geataí flaitís. Ní leigfidhe is teach é agus béigin dó dul go h-afrinn. Cé nar mhaith leis dul ann, bhuail sé ar na geataí agus d'fhapruigh an diabhal a bhí istigh cé a bhí amuigh.
"Liam an gaba dubh do sean caraid" arsa Líam.
"Bí ag imteacht" ars an diabhal.
"Ní thig liom" arsa Liam, "cuireadh annseo mé, agus caithfidh tú mo leigin' isteach".
"Bhí ag imteacht" ars an diabhal, ni thig liom do leigin' isteach.
"Tá an oidhche dorcha agus ní béidh me abálta mo bealach a dhéanamh sa doracdas." Bhí na diabhal eile ag dul leigint liam isteach agus ar san diabhal. "Ná leig isteach é, bhúail sé sin beart ormsa ceana, má thigeann sé isteach búailfidh sé beart orainn tulig.
Fuair Liam ordú eile a bheith ag imteacht. "Tá an oidhche an-dorca" arsa Liam bocht arís. "Fan go foill" ars an diabhal, bhéarfaidh mise solus dhuit.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tomás Ó Domhnaill
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Maighréad Ní Mháille
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 99
- Seoladh
- An Dumhach Bheag, Co. Mayo