Scoil: Caiseal (2)
- Suíomh:
- An Caiseal, Co. Donegal
- Múinteoir: Seán Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caiseal (2)
- XML Leathanach 267
- XML “Tithe na Seanaimsire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá deifir mhór idir na toighte atá ann anois agus na toighte a bhíodh ann fadó. Stór amhain ar áirde a bhí siad. Tá cuid dé'n chineal sin toighte lé fághail go fóill. Ceann muireannaigh a bhí ar chuid aca agus ceann cochain ar an chuid eile. Bhíodh leabaidh sa chistinigh i ngach teach. I gcoirneal an toighe a bhíodh an leabaidh aca, i n-aice na teineadh. Chodluigheadh na sean-daoine i leabaidh na cistingihe no bhí sé deas té. Bhíodh an teine ag beann an toighe. Bhí an t-urlár deanta ar clocha agus lób. Ní thiocfadh liom eolas a fághail fá'n teinid bheith i lár an urlair ins na toighte fadó.Bhí dhá doras ar chuid dé na toighte agus cuid eile aca nac rabh a doras amhain ortha. Ná toighte a rabh dhá dhoras ortha bhíodh ceann ar aghaidh an toighe agus an ceann eile ar a chúl. Bhíodh bolt ar an doras taobh istoigh lé é a dhruid.An chuid is mó dé na toighte ni bhéadh ortha acht fuinneóg amháin, agus bhí toighte(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Brighid Ní Earcháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Tonn Bhán, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Eamonn Ó h-Earcháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 54
- Seoladh
- An Tonn Bhán, Co. Donegal