Scoil: Caiseal (2)

Suíomh:
An Caiseal, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Ó Domhnaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1092, Leathanach 292

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1092, Leathanach 292

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caiseal (2)
  2. XML Leathanach 292
  3. XML “Ceallmhuire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Chuirtí paistí nár baisteadh roimhe seo in áit eigin chulta nach mbéadh an nduine ag siubhal thairis. Ceallmhuirí a bheirthí ar na h-aiteacha seo. Tá ceann acu seo i bFall a' Naois agus ceann i gCill Aodh Bhric agus ceann ar an Baile Úr. Níl usaid ar bith da bhaint asta seo anois. Deirtear duine a shiubhalas thar ceann de na Ceallmhuirí seo go dtiocfaidh sgráith spotannaí amach ar a chraicinn.
    An Ceallmhuir atá i bFall a' Naois, ta cloch mhór sheasamh ann agus deirtear gur cros a bhí o's cionn uaighe a bhí innte, ach gur briseadh í, agus tá clocha na seasamh an dóigh cheadna ar an Ceallmhuir atá ar an Baile-Úr.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Maighréadh Ní Fhríghil
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Gort na Trá, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Padraig Ó Fríghil
    Inscne
    Fireann
    Aois
    58
    Seoladh
    Gort na Trá, Co. Dhún na nGall