School: Caiseal (2) (roll number 15393)

Location:
An Caiseal, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Domhnaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1091, Page 395

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1091, Page 395

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caiseal (2)
  2. XML Page 395
  3. XML “Scéal Grinn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí oilean i nDubhach Bhig am amháin agus bá gnáthach leis na daoine a dhul isteach uirthí nuair a bhéadh siad ag dul amach a iasgaireacht. Ach tráthnóna amháín chuaidh baicle mór síos "na chladaigh ag dul amach a iasgaireacth. Chuaidh trí curraigh amach agus beirt fhear i ngach currach aca. D'fhan an chuid eile astoigh go bhfeicfeadh siad an bhfuigheadh an mhuinntir a bhí amuigh a dhath eisg.
    An mhuinntir a bhí amuigh chuaidh siad isteach agus lás siad teinidh mhór ar an oilean le na gcuid a dheanamh réídh. Comh luath agus lásgadh an teine thoisigh an t-oilean a chrathadh agus bá ghoirid go deachaidh 'un siubhal. Bhí iongantas a gcroiceann ar an mhuinntir a bhí astoigh ar an chladach.
    Bhí eagla ar na h-iasgaraigh a bhí ar an oileán, agus ní thiochfadh leobhtha fághailt amach duithe. Nuair a bhí an t-oileán amuigh i lár na fairrge casadh an Brazil ortha. Thoisigh an dá oileán a chainnt le chéille fuair na fir amach duithe le na gcuid curraigh agus as go brathach leobhtha. Fuair siad na bhaile slán, agus bhog an t-oileán léithe go Meiriceá.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Language
    Irish
    Collector
    Cáit Ní Cholla
    Gender
    Female
    Address
    An Seisíoch, Co. Donegal
    Informant
    Micheal Ó Feicheallaigh
    Gender
    Male
    Age
    73
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Baile Uí Fhuaruisce, Co. Donegal