School: Caiseal (2) (roll number 15393)

Location:
An Caiseal, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Domhnaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1091, Page 400

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1091, Page 400

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caiseal (2)
  2. XML Page 400
  3. XML “Scéal Grinn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí trí bhean i Rosgoill am amháin agus bhí a gcuid fear i Sasan ag déanamh Foghmhar. Chuaidh siad chuig Tighearna leis an cíos a dhíol. Dubhairt an Tighearna leo dhul na bhaile agus cé bith aca a dheanfadh amadán de na fear go maithidh sé an cíos díthe. Annsin chuaidh siad na bhaile agus achan bean ag smaoithiughadh caidé an doigh is feárr a dheánfadh amadán de na fear. A chead bhean ag d'fhiach leis, chuaidh a fear amach lá amháín a bhuint adhbhar bascoide sa choillidh.
    Nuair a bhí sé amuigh chóirigh an bhean í fhéin i n-éadaigh (?) nach rabh ariamh uirthí. Nuair a tháinig an fear isteach d'fhiafruigh sí dó caidé bí sé a cuartadh. Dubhairt sé nach rabh sé ag iarraidh dadaidh ach a theach fhéín. "Biodh ar shiubhal sul a gcuirfidh mé fá choinne na bpolice ort," ar sise. D'imthigh sé ag cuartadh a theach fhéín agus ní tháínig sé arais go rabh an oidhche ann. An dara bean a d'fhiach leis nuair a tháinig a fear isteach ar maidín fuair sí greim sa doras air agus ar sise, "a Bhriain caidé tá ort. Tá'n bás i láthair ort is gabh a luighe go gcuirfidh mé fá choinne an t-sagairt," agus fuair sé bás. Bhí faire air. Chuaidh an tríomhadh fear agus a bhean go dtí an fhaire agus d'fhan siad go rabh sé mall san oidhche. Chuaidh siad na bhaile agus dubhairt an fear nár bhfiú do a
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Folktales index
    AT1406: The Merry Wives Wager
    Language
    Irish
    Collector
    Suibhán Ní Fhríghil
    Gender
    Female
    Address
    Tulaigh Chonaill, Co. Donegal
    Informant
    Diarmuid Mac Giolla Bhuí
    Gender
    Male
    Age
    80
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Tulaigh Chonaill, Co. Donegal