School: Ceathramhadh Ceanainn (C.) (roll number 10842)

Location:
An Cheathrú Cheanainn, Co. Donegal
Teacher:
Róisín, Bean Mhic Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1073, Page 461

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1073, Page 461

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ceathramhadh Ceanainn (C.)
  2. XML Page 461
  3. XML “Scéilíní”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéilíní

    Bhí cailín aimsire nua sa teach agus bhí an mhaighistreás do mhúineadh dí cionnus í féin d'iomchar.

    Bhí cailín aimsire nua sa teach agus bhí an mhaighistreás do mhúineadh dí cionnus í féin d'iomchar. "Seo an dóigh chun dul síos an staidhire arsa sise. Díreach agus í ag a bharr do bhaineas truisle aisti agus thuit sí síos na staidhire ar a cinn go dtí an bun. Síos leis an cailín aimsire 'na diaidh. "O, a mhaighistreás," arsa sise, "ní oireann an an áit seo dom in aon-chor. Tá sé ró-dhainséarach ar fad dom' leithéid-se."
    Fear bocht a bhí tinn, thainig an dochtúir chuige agus d'fág sé buideal aige. "Seo duit," arsa an dochtúir, "agus ól lán spúineóige as in diaidh gach beile."
    "Go raibh maith agat a dhochtúir," as san fear bocht, agus an gcuirfidh tú an béile chugam comh-maith.
    An Buachaill. "A dhaidí, tabhair pinginn dom, más é do thoile."
    Daidí: Tá tusa ró-mhór anois le bheith ag déirig ag iarraidh pingne."
    An Buachaill: Is fios duit sin, a dhaidí, agus dá bhríg sin, tabhair dom réal maise do toila.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Ruterford
    Gender
    Female
    Address
    An Fál Carrach, Co. Donegal