School: Ceathramhadh Ceanainn (C.) (roll number 10842)
- Location:
- An Cheathrú Cheanainn, Co. Donegal
- Teacher: Róisín, Bean Mhic Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ceathramhadh Ceanainn (C.)
- XML Page 345
- XML “Cluichí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)mór le na chéile, cha dtig leo a bheith ró-mhór no ró-bheag ró-throm na ró eadtrom. Sligáin a bhíos ag na páistí in áit clocha go minic.
6.Le fhághail amach cé thoisigheas leis an imirt caitheann gach duine ar a seal na cúig cloch in airde agus caipeann siad ar cúl a láime deise iad sul a dtuiteann siad ar an talamh. Gnítear seo trí h-uaire agus cibé duine a bhfuair a cuid is mó cloch ar cúl a láimhe sin an duine a bhfuil an cead aige toiseacht ar dtús.
7. Seo an dóigh le cluiche an h-aon a imirt. Cuirtear ceathrar do na clocha ar an talamh mar seo.
A . . B
C . . D
Caitear an cloch eile in airde agus tógtar A in aoineacht leis an ceann atá ag tuitim. Fágtar A atá síos ar an talamh arís. Caitear an cloch eile in airde agus tógtar B, C, D san dóigh céadna.
8. Cuirtear na clocha mar seo le cluiche a do a imirt : : agus tógtar
beirt acu i gcuideachta a chéile.
9. Cuirtear mar seo iad le cluiche a trí imirt :. .
10. Cuirtear mar seo iad le cluiche a ceathar imirt :: agus tógtar an ceathar i gcuideachta a chéile.
11. Tá cluichí uile ann suas go huimhir 20(continues on next page)- Collector
- Gráinne Ní Shearcaigh
- Gender
- Female
- Address
- An Cheathrú Cheanainn, Co. Donegal
- Informant
- Maighread Ní Shearchaigh
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Age
- 44
- Address
- An Cheathrú Cheanainn, Co. Donegal