School: Caiseal na gCorr
- Location:
- Caiseal na gCorr, Co. Donegal
- Teacher: Donnchadh Mac Giolla Chearr
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caiseal na gCorr
- XML Page 238
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí seanduine ann aon uair amhain agus phos sé cailín óg. Bhí an bheirt na luige ins an leabaidh amhain. Nuair a mhusglocadh an fear i lár na h-oidhche bhí sí ar shiubhal.”
(continued from previous page)Dubhairt sí annsin go rabh sí gabhail a dheanamh a tiomna agus rinne sí é. Bhí an seanduine 'na shuide ins an fhuinneóig ag éisteacht léithe. Bhí tobar thall os cionne na fuinnneóige. Chuaidh sí anonn agus chaith sí cloch mhór isteach ann.
Chualaidh an fear a bhí na shuidhe ins an fhuinneóig an callan. Shíl sé gur thuit sí isteach ins an tobhar agus rith sé amach. Sheasuigh sise ag taobh an dorais agus nuair a chuaidh an seanduine amach leim sise isteach agus chuir sí an bolt as an doras.
D'iarr sé uirthi e a leigint isteach, agus dubhairt sise, " Cead agat a ghabhail agus fanacht an áit a rabh tú an chuid eile d'en oidhche."
Bhí gnas aca ins am. Duine ar bith a gheobhfaí amuigh indiaid an h-oidhche cuirfidhe suas ar philear mhór é agus thiocfadh le achan nduine rud ar bith a rabh dúil aca a chaitheamh air.
Chualaidh siad an seanduine ag sgartaigh agus fuair siad greim air agus chuir siad suas ar philear mhor é. Chruinnigh an baile agus thoisigh achan nduine a chaitheamh air go dtí gur thuit sé anuas marbh.- Collector
- Sorcha Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Address
- Mín Átha Buí, Co. Donegal
- Informant
- Miceal O Comhail
- Gender
- Male
- Age
- 75
- Address
- Mín Átha Buí, Co. Donegal