School: Caiseal na gCorr

Location:
Caiseal na gCorr, Co. Donegal
Teacher:
Donnchadh Mac Giolla Chearr
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1072, Page 242

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1072, Page 242

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caiseal na gCorr
  2. XML Page 242
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal

    Chuaidh triúr fear a's Gaoth Dobhair anonn go h-Albain a chuartughadh oibre. Bhí siad ag gabhail thart thall tamall agus chan fhuair siad obair ar bith agus smaointigh siad go bpilleadh siad 'na bhaile araist.

    Sgéal
    Chuaigh triúr fear a's Gaoth Dobhair anonn go h-Álbain a chuartughadh oibre. Bhí siad ag gabhail thart thall tamall agus chan fhuair siad obair ar bith agus smaointigh siaf go bpilleadh siad 'na bhaile araist.
    Tháinig siad a fhad le teach mór i mBaile Átha Cliath. Bhí siad tuirseach agus ocrach nuair a chroith siad an teach seo.
    Bhí suidheachan taobh amuigh de'n teach. Shuidhe siad air adhéanamh a sgríste. Ní rabh said i bhfad 'na suidhe go bhfachaidh siad cáilín aimsire an toighe ag faghail sgála brachain ar fuaradh ins an fhuinneog.
    Ba mhaith leo an brachan a bheith acú ach níor mhaith leo é ghoid. Dubhairt fear acú go rachadh sé isteach agus go n-iarrfadh sé é. Chuaidh sé go dtí an doras agus bhuail sé.
    Tháinig an cáilín amach agus chuir sí ceist air caidé bhí se a dh'iarraidh.
    Ní rabh bearla ar bith ag an fhear agus níor thuig sé an cáilín. Thoisigh sé ag radh, "Brachán, brachán" agus é ag cur a mhear isteach i na bheal. Ni rabh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Language
    Irish
    Collector
    Sorcha Ní Ghabhann
    Gender
    Female
    Address
    An Bhealtaine Íochtarach, Co. Donegal
    Informant
    Sorcha Ní Ghallchobhair
    Gender
    Female
    Age
    56
    Address
    An Bhealtaine Íochtarach, Co. Donegal