School: Caiseal na gCorr
- Location:
- Caiseal na gCorr, Co. Donegal
- Teacher: Donnchadh Mac Giolla Chearr
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caiseal na gCorr
- XML Page 270
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal
“Bhí cearthar fear ann aon uair amháin. Is é na h-ainmneacha a bhí ortha Clearam Claram, Fínim h-Óinim, Tec a Burren agus Cailleach a Romp.”
Sgéal.Bhí ceathrar fear ann aon uair amháin. is é na h-ainmneacha a bhí ortha Clearam Claram, Fínim h-Oinim, Tec a Burren agus Cailleach a Romp.
Bhí garradh aca agus bhí coirce ag fás ins an gharradh agus bhí achan nduine acu a radh gur leis fhéin an coirce. Thoisigh siad a throid fá'n choirce. sa deireadh dubhairt Cailleach a Romp go socrohadh seisean an cás. Dubhairt sé go rannfadh sé an coirce eatorra. Glacadh an socrugadh sin. Thoisigh sé a roinnt an choirce annsin. Rann sé in a stucaí é agus bhí stuca corr ann. Annsin rann sé an stuca in a shapogaí agus bhí sapóg chorr ann. Thoisigh Cailleach a Romp agus rann sé an t-sapóg in a shifiní agus bhí sifín chorr ann. Ní rabh fhios cé ar leis an sifín, Bheir Cailleach a Romp air agus chaith sé amach san fhairrge é. Thug Clearam Claram iarraidh a ghabhail amach fá na choinne an t-sifín, acht bhí an t-uisge ró dhomhain agus baitheadh é. Annsin thug Fínim h-Óinim agus Tec a Burren iarraidh a ghabhail amach fá choinne an tsifín agus baitheadh iad san fosta.
Nuair a chonnaic Cailleach a Romp goidé mar bhí ní theachaidh sise amach fá choinne an t-sifín. Annsin bhí an garradh agus an coirce aicí díthe fhéin.- Collector
- Séamus O Gallchobhair
- Gender
- Male
- Informant
- Seán Mac Suibhne
- Gender
- Male
- Age
- 67
- Address
- Caiseal na gCorr, Co. Donegal