School: Caiseal na gCorr
- Location:
- Caiseal na gCorr, Co. Donegal
- Teacher: Donnchadh Mac Giolla Chearr
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caiseal na gCorr
- XML Page 239
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal
“Bhí lanamhain an aon uair amháin agus bhí an fear na fhigheadóir. Nuair a tháinig lá bainte na mónadh, fuair an fear cúpla fear eile le cuideadh leis an móin a bhaint.”
SgéalBhí lanamhain an aon uair amháin agus bhí an fear na fhigheadóir.
Nuair a tháinig lá bainte na mónadh, fuair an fear cúpla fear eile le cuideadh leis an móin a bhaint.
D'imthigh na fir. Nuair a fuair an bhean a fear ar shiubhal thoisig sí a figdeóireacht ar an tséol agus bhris sí é. Smaointigh sí na rabh a dhath le h-innse uirthí ach an gamhain beag a bhí sa chóirneal. Mharbhuigh sí an gamhain agus chaith sí ar an tsráid é.
Bhí go maith go dtáinig an fear na bhaile, agus bhuail eagla í.
D'innis sí do goidé rinne sí. Dubhairt seisean go mbéadh sé ag siubhal leis go dtí an oidhche go bhfeicfeadh sé an rabh bean ar bith go h-amaideach leithe.
D'imthigh sé, agus cha rabh ibhfad go dtáinig sé fhad le teach. Bhí beirt bhean ann, agus bhí siad ag iarraidh an teach a thionntach. Bhí dhá dhoras ar an teach agus(continues on next page)- Collector
- Sádhbha Níc Suibhne
- Gender
- Female
- Address
- Prochlais, Co. Donegal
- Informant
- Mícheál Mac Suibhne
- Gender
- Male
- Age
- 69
- Address
- Prochlais, Co. Donegal