School: Cnoc na Naomh

Location:
Cnoc na Naomh, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Mac Cnáimhsighe
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1072, Page 15

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1072, Page 15

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cnoc na Naomh
  2. XML Page 15
  3. XML “Seanscéalta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Seanscéalta (continued)

    Bhí sean lánamhain 'na gcomhnaidhe i mbárr an bhaile s'againne. Bhí siad comh bocht leis na deóra.

    (continued from previous page)
    agus gus thacht sé í
    Nuair a thug clann an rígh na bhaile an lá thar na bhárach fuair siad an tsean bhean marbh. Chuir siad sgéala amach go bhfuair sí bás tobann. Bhí an sean-dhuine agus an stóach ar an cheud muinntir a bhí ar an faire. Nuair a cuireadh san chonair í cuireadh dhá chéud punta faoi na ceann.
    Chuaidh an sean-dhuine agus an stócach 'un na roilige an oidhche thar na bhárach agus thug said leo an t-airgead. D'iomhchar siad an marbhanach go boitheach na gcaorach an rí. Nuair a chuaidh mac an rí amach ag leigint amach na gcaorach ar maidin an lá thar na bhárach fuair sé a mhathair istigh roimhe. Rith sé (istoigh) isteach agus d'innis dó'n rí é. Nuair a chualaidh ingean an rí seo thoisigh sí a mhairgnigh, "Och! Och!" arsa sise"tá muid náirigh agus tá an baile náirighte." Níor chuir siad ins an roilig í an t-am seo. Chuir siad isteach i gcró í agus chuir siad clais dhomhain agus í lán tárr ins an doras le í dhul i n-eabar ag teacht amach dithi D'imthigh an bheirt go dtí an boitheach an oidhche seo le amharc an rabh airgead ar bith ag taoibh an mharbhanaigh ach ar droch uair cailleadh an sean-dhiune ins an tárr. Ghearr an stócach an ceann dé agus d'imthigh sé na bhaile. Tháinig an rí go dtí an colainn gan cheann an lá thar na bhárach agus chuir sé
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. narratives (~478)
    2. place-space-environment
      1. local lore, place-lore (~10,595)
    Language
    Irish
    Informant
    Bríghid Nic Eachmharcaigh
    Relation
    Grandparent
    Gender
    Female
    Address
    Caoldroim Uachtarach, Co. Donegal