School: Mín an Chladaigh (roll number 5046)
- Location:
- Mín an Chladaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Mac Fhionnaile
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín an Chladaigh
- XML Page 226
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Tá dáta fada bliadhanta ní rabh mórán comhnuidheacha annseó. Ach bhí fear amháin na chomhnuidhe i Machaire-galthan ar a dtabharfadh siad Mac Giolla Bhrighde.”
(continued from previous page)go rabh sí giota mait ar shiubhal. Sul ar phill sí mharbhuigh Mac Giolla Bhrighde an tachran. Bhí rud inteacht aige ‘na n-éadan. Nuair a mharbhuigh sé é ní rabh faill aige a dhath a dheánamh acht é shathadh suas ins an toighe sa’ teach. Nuair a tháinig an bhean bhocht isteach ní rabh an tachran le faghail. B’éigin daoithe imtheacht léithe.
Fá chionn dáta na dhiaidh sin tháinig sagart agus bhí sé ag leigheamh Aifreann ins an teach seó, agus nuair a spréidh sé an chulaith ar an tábla thuit trí dheór fola oirthí. “Rinneadh muirdeir san teach seo” adeir sé. “Ó, ní dhearnadh” arsa Mac Giolla Bhrighde.
“O, rinneadh cinnte” a dubhairt sé, agus nach séan é. D’innis Mac Giolla Bhrighde annsin goidé bhí deánta agus d’amharc sé suas ins an áit ar chuir sé é agus bhí an tachran na luighe marbh annsin. “Anois” arsa an sagart, “caithfhidh tú an áit seó a fhágail agus roilig a dheánamh dó”
Sin Roilig Mhachaire Gathlan agus tá sí ann ón lá sin go dtí an lá indiú.- Informant
- Seán Uí Curráin
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- Machaire Gathlán, Co. Donegal