School: Mín an Chladaigh (roll number 5046)

Location:
Mín an Chladaigh, Co. Donegal
Teacher:
Seán Mac Fhionnaile
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 168

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 168

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín an Chladaigh
  2. XML Page 168
  3. XML “Dán an Toir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Fear Beo: "A ghiolla ábaigh faoi'n t-siabadh imbeál an toir; ceist agam ort, in ainm Íosa; an fear saoghalta thú no geilt?
    An t-Anam: "Chan duine saoghalta mé nó geilt, acht anam bocht atá i bpéin"
    Fear Beo: "Ceist agam ort in ainm osa, acht gan mé dochas a dheanamh duit; cé fhad ó d'fhág tú ann saoghal seo nó annsin atá tú ó shoin?
    An t-Anam: "Fiche bliadhain go Domhnach is chuaidh thart, a sgar mé leis an cholainn chlaoin; tá mé mar tchídh tú mé ó shoin, m'aghaidh ar ghaoith is an fhearthainn. Nuair abhí mé ar shaoghal na mbréag, bhí mé go h-aoibhinn aerach ann, marcuigheacht ar m'óigbheathach a' léimnigh, féile is féasta ar gach taobh damh. Nuair a rachfainn un' Aifrinn Dia Domhnaigh ní trócaire a d'iarrfainn do m'anam, ag magadh ar aoinneach a bhfeicfinn agus Corp Chríosta ós mo choinne.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Ó Dubhgáin
    Gender
    Male
    Age
    72
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Mín an Chladaigh, Co. Donegal