School: Mín an Chladaigh (roll number 5046)
- Location:
- Mín an Chladaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Mac Fhionnaile
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An Ministéar agus a bhuachaill (Sgéal):Bhí buachaill ag obair ag ministéar ar dhá tuistiún sa' lá. Bhí an ministéar agus an rí 'na gcomhnuidhe a' chomhair a chéile. Lá amháin tháinig an rí thart in áit a raibh an buachaill ag obair.
"Ce aige a bhfuil tú ag obair, nó caidé'n phaighe atá agat" ars' eisean leis an bhuachaill.
"Dhá thuistiún sa' lá" ars' an buachaill,
"Ní fiú mórán sin" ars' an rí, "Ba lughaide (?) an cás dá mba liom féin uilig é" ars an buachaill, "Tá mé ag cuir dhá pinginn ar biseach, dhá pinginn da dul amúdha, dhá phinginn de shean-fhiacha atá orm, agus níl agam féin fágtha ach dhá pinginn."
Chuaidh an rí 'fhad leis an mhinistéir agus dubhairt sé leis go mbainfeadh sé a cheann agus a chongbhail-beatha dó mar n-innseochadh sé dó fa dtaobh de'n fhear abhí ag obair, agus an dá phinginn abhí sé ag cur ar biseach, an dá phinginn abhí sé a' chuir amudha, fá'n dá phinginn abhí sé ag díol de shean-fhiacha, agus fá'n dá phinginn abhí aige do féin.(continues on next page)- Informant
- Seán Ó Dubhgáin
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- Mín an Chladaigh, Co. Donegal