School: Mín an Chladaigh (roll number 5046)
- Location:
- Mín an Chladaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Mac Fhionnaile
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)a chuir ceisteanna níos cruaidhe ort, agus muna bhfuasglann tú iad, caillfidh tú an ceann."
Trathnóna sin, chuaidh a rí fhad leis an mhinistéir agus dubhairt sé "Caithfidh tú innse damh cá bhfuil clár an domhain ina shuidhe, nó caidé is fiú mian mo bheatha, nó caidé'n dóibh a bhfuil mé meallta."
Ce bith mar bhí an ministéar indé bhí sé nios measa indiú. Dubhairt an buachaill leis dá dtabharfadh sé dhá oiread dó agus thug sé indé go rachfadh sé in a áit. D'imthigh an buachaill maidin la thar na bharach fhad leis an rí, agus culaith an mhinistéir air.
"Bhfuil na freagraí sin leat indiú" ars an rí.
"Tá siad liom chomh maith a's thig liom."
"Bhal, cé h-áit a bhfuil clár an domhain na shuidhe"
"Eadar dhá chos an rí sa' pharlúr."
"Goidé is fiú mian mo bheatha?"
"Díoladh Rí Neamhaidhe ar dheich bpíosa a's fiche airgid agus creidim nach fiú leath an mhéid sin mian do bheatha-sa."
"Agus cé h-áit a bhfuil mé meallta?" ars' an rí.
"Tá, síleann tú gur an ministéar atá agat agus ní hé acht a bhuachaill"!- Informant
- Seán Ó Dubhgáin
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- Mín an Chladaigh, Co. Donegal