School: Mín an Chladaigh (roll number 5046)
- Location:
- Mín an Chladaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Mac Fhionnaile
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Ar mhéid abhí sgannradh ar an mhinistéir thuit a dhá laimh fa na chrios. Nuair a tháinig an buachaill 'un toighe trathnóna d'innis an ministéar an sgéal dó. "Ná bí buadhartha", ars' an buachaill, "nó fear uasal atá ionnat-sa agus fear bocht mise. Bheirfidh tú do chulaith damh agus díolachán maith, agus má mhairbhfhear féin mé ní dhéanfaidh sé deifir." Bheirfidh mé dhá scór go leith punnta duit má thig tú beó" ars' an ministéar.
Chuaidh an buachaill maidin lá thar na bharach fhad leis an rí. " 'Bhfuil na freagraí sin leat mar d'orduigh mé duit?"
"Tá siad liom chomh maith a's thig liom."
"Caidé fá'n dá phinginn atá ag gabhail ar biseach?" "Mac atá ar scoil aige agus tá sé ag díol dha phinginn sa lá air."
"An dá phinginn atá ag gabhail sa' dul amudha?"
"Sin leas-mhac atá ar scoil aige, agus an dá phinginn atá sé a' dhíol ar a shon, measann sé go bhfuil siad ag dul amudha. Dhá phinginn do shean-fhiacha - sé sin dhá phinginn atá se ag tabhairt do na shean-mháthair."
"Tchím", ars' an righ "Tá na ceisteanna fuasgailte agat, acht tá mé ag gabhail(continues on next page)- Informant
- Seán Ó Dubhgáin
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- Mín an Chladaigh, Co. Donegal