School: Mín an Chladaigh (roll number 5046)
- Location:
- Mín an Chladaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Mac Fhionnaile
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín an Chladaigh
- XML Page 225
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Tá dáta fada bliadhanta ní rabh mórán comhnuidheacha annseó. Ach bhí fear amháin na chomhnuidhe i Machaire-galthan ar a dtabharfadh siad Mac Giolla Bhrighde.”
(continued from previous page)agus a gcuir leithe agus bhí tú ag cuir ar shiubhal ádh a toighe agus rinne mise gáire fút nuair a chonnaic mé tú”.
“An darna gáire, nuair a bhí’n bhean ag brughadh bruitín Oidhche Shamhna d’éirigh tusa agus chraith tú an t-uisge coisreaca sul a dteachaidh sibh i gcionn an t-suipéara, agus nuair a chonnaic mó phairtí-sa tú bhí siad ag baint a mheanuithe as a chéile suas an t-simléir agús rinne mise gáire futha. Agus an tríomhadh gaire bhí do bhuachaill ag buaileadh lín amuigh ins an sciobal agus chuaidh do bhean amach agus ag teacht isteach duithe thosuigh tusa a phiocadh an colg as a druim indhiaidh í fhéin agus an bhuachaill a bheith amuigh ins an líon.
D’imthigh an Siosanach annsin agus ní fhacaidh Mac Giolla Bhrighde an amharc air níos mó.
Tamall na dhiaidh sin thainig bean bhocht thart ag Mac Giolla Bhrighde agus scaifte paistí leithe. Shuidh sí a dheánamh a sgithiste agus thuit duine de na paistí na chodhladh. D’imthigh sí níor chriothnuiugh sé an tachran a d’fág sí na diaidh(continues on next page)- Informant
- Seán Uí Curráin
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- Machaire Gathlán, Co. Donegal