School: Mín an Chladaigh (roll number 5046)
- Location:
- Mín an Chladaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Mac Fhionnaile
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)trí sgread as. D'éirigh an fear abhí na luighe, na shuidhe ar a thóin sa' leabaidh.
"Tcím" adeir se "go bhfuil sí agat, suidh anois agus déan do sgithiste ar an chathaoir. Domhan chan fhuigheann do bhuaidh fhad is atá an claidheamh sin in do láimh.
"Anois" arsa fear na leabhtha, "innseóchaidh mé duit caidé mar fuair mé an claidheamh.
Pósadh mé féin agus an bhean seó taobh thiar damh tá seal bliadhantach ó shoin. Ní rabh muid ag teacht ró-mhaith le chéile. Nuair a fuair sí faill orm bhuail sí le slat na draoidheachta mé agus rinne sí gearrán bán damh. Cha rabh agam annsin acht ghabhail amach go taobh a bhealaigh mhóir, gabhail thart liom agus paistí an bhaile ag marcuidheacht orm.
Bhí muileann ag m'athair. Bhéarfhadh na páistí amach neart coirce chugam. mé suas mó ghearrán breágh. D'innis sise do m'athair gur imthigh mé go dtí Ríoghacht eile agus nach bpillfhinn arais. Bhuail fear uasal eile suas leithe agus cha rabh m'athair ag cuir, pilleadh ar bith oirthí.
Bhí siad le pósadh agus le cleas(continues on next page)- Informant
- Seán Ó Dubhgáin
- Gender
- Male
- Age
- 72
- Address
- Mín an Chladaigh, Co. Donegal