Scoil: Mín an Chladaigh (uimhir rolla 5046)
- Suíomh:
- Mín an Chladaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Mac Fhionnaile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)trí sgread as. D'éirigh an fear abhí na luighe, na shuidhe ar a thóin sa' leabaidh.
"Tcím" adeir se "go bhfuil sí agat, suidh anois agus déan do sgithiste ar an chathaoir. Domhan chan fhuigheann do bhuaidh fhad is atá an claidheamh sin in do láimh.
"Anois" arsa fear na leabhtha, "innseóchaidh mé duit caidé mar fuair mé an claidheamh.
Pósadh mé féin agus an bhean seó taobh thiar damh tá seal bliadhantach ó shoin. Ní rabh muid ag teacht ró-mhaith le chéile. Nuair a fuair sí faill orm bhuail sí le slat na draoidheachta mé agus rinne sí gearrán bán damh. Cha rabh agam annsin acht ghabhail amach go taobh a bhealaigh mhóir, gabhail thart liom agus paistí an bhaile ag marcuidheacht orm.
Bhí muileann ag m'athair. Bhéarfhadh na páistí amach neart coirce chugam. mé suas mó ghearrán breágh. D'innis sise do m'athair gur imthigh mé go dtí Ríoghacht eile agus nach bpillfhinn arais. Bhuail fear uasal eile suas leithe agus cha rabh m'athair ag cuir, pilleadh ar bith oirthí.
Bhí siad le pósadh agus le cleas(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ó Dubhgáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Seoladh
- Mín an Chladaigh, Co. Dhún na nGall