Scoil: Mín an Chladaigh (uimhir rolla 5046)

Suíomh:
Mín an Chladaigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Mac Fhionnaile
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 270

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 270

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín an Chladaigh
  2. XML Leathanach 270
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal

    Bhí Éireannach 7 Sasanach ann aon uair amháin. Ní raibh airgead ar bith ag an Éireannach acht bhú trí pingne ag an t-Sasanach.

    Sgéal. . .
    Bhí Éireannach agus Sasanach ann aon uair amháin. Ní rabh airgead ar bith ag an Éireannach acht bhí trí pingne ag an t-Sasanach. Chuaidh an Sasanach isteach í siopa a bhí ann agus cheannuigh sé arán. Acht is beag a fuair sé ar na trí pingne a bhí aige.
    Tháinig sé amach agus chuir sé ceist ar an Éireannach an rabh seisean ag iarraidh a dhath. Dubhairt sé go rabh sé ag iarraidh loistín go maidín. D’iarr an Sasanach air a bheith leis go dtí an teach loistín a bhí aige-san agus go rannfhadh sé an t-arán leis. Ar an bhealach daobhtha go dtí an teach dubhairt an t-Éireannach nach ndeánfhadh an t-arán mórán maith do bheirt. Dubhairt an Sasanach “Cé bith againn is feárr a dheánfhas brionglóid anocht thig leis an t-árán uilig a bheith aige”.
    Tháinig siad go dtí an teach loistín agus chuaidh siad isteach. Nuair a tháinig am luighe chuaidh an bheirt aca go dtí an seomra agus chuaidh siad a luighe. Rinne an Sasanach brionglóid go rabh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1626: Dream Bread
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlín Ní Chuireáin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    14
    Seoladh
    Mín Lárach, Co. Dhún na nGall