Scoil: Mín an Chladaigh (uimhir rolla 5046)
- Suíomh:
- Mín an Chladaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Mac Fhionnaile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín an Chladaigh
- XML Leathanach 284
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Bhí maighistir ann aon uair amháin agus rinne sé buachaill a fhastódh. Thug sé tuarastal triúr fear do'n bhuachaill 7 bhí aige le cuid bidh triúr a ithe.”
Sgéal.Bhí maighistir ann aon uair amháin agus rinne sé buachaill a fhastódh. Thug sé tuarastal triúir fear do'n bhuachaill agus bhí aige le cuid bidh triúr a ithe.
Lá amháin chuaidh an bheirt aca un’ an aonaigh. Cheangal siad na capaill ar shráid an mhargaidh agus d’imthigh achan nduine aca a chasan fhéin.
Fá cheann tamaill casadh ar a chéile arís iad agus thug an maighistir leath-choróin do’n bhuachaill, agus d’iarr sé air a chuid a cheannacht agus an briseadh a thabhairt do arís. Acht cheannuigh an méid a thiocfhadh leis, leis an leath-choróin, agus chaith sé deireadh.
Chuaidh an maighistir isteach i dteach, an áit a rabh cuid mhór fear eile cruinnighthe. D’amharc duine aca amach ar an fhuinneóig agus chonnaic sé fiche agus a h-aon turcaigh amuigh san gharradh. Thoisigh siad ag cuir gealltaí le na chéile nach mbeadh siad abalta duine a fhághail a d’íosfadh na turcaigh uilig. Chuir an maighistir(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Bhriain
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13