School: Rann na Feirsde (roll number 15927)

Location:
Rinnafarset, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Ó Baoighill

Filter stories

Back
/ 168 Forward
Resolution: Low | High
Rann na Feirsde | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 27

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

adhmhail tú" adeir an sagart, "ní bhfuair mise a phós an lánamhain ach punnta amháin". "Dia nár fhóirid ort-sa" arsa Feidhlimidh "d'fhéad do muinntir fidleoir a dheanamh duit-se i dtúis do shaoghail agus n-áit sagart a shéanamh duit".

Niall Ó Domhnaill
Doire na Mainsear
Aois 82 bliadhain

Bhí seandhuine i nGaoth-Dobhair fad ó shoin agus bhí asal aige a bhí iongantach fallsa. Ba gnathach leis an samhradh a chaitheamh tabhairt a chuid mónadh na bhaile ón tsliabh leis an asail agus dhá chliabh uirthi. Ba gnáthach leis bata mór a bheith leis fá choinne an t-asal a bhualadh le tabhairt uirthi siubhal go gasta. Lá amháin casadh an sagart Mac Pháidín, a bhí i nGaoth-Dobhair san am, air. Chuir sé ceist ar an tseanduine cad chuige a rabh sé ag bualadh na h-aisle leis an bhata mhor throm sin. "Nach bhfuil fhios agat" arsa an sagart "go bhfuil an asal beannuighthe?. Nach h-í an asal a d'iomchar ár Slánuightheoir go Iarúslam". "Bhál m'anam fhéin a shagairt" arsa an seanduine "dá mbéadh sí seo loebhtha ní bhéadh siad ann go fóill"
Somhairle Ó Domhnaill
Doire na Mainsear
Feirmeóir
Aois 45 bliadhain

Informant
Somhairle Ó Domhnaill
Gender
male
Age
45
Occupation
feirmeoir
Address
Derrynamansher, Co. Donegal
Language
Irish