School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 1064, Page 54
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 54
- XML “Murchadh Buí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Murchadh BuidheNí raibh Murchadh Buidhe ach deich mbliadna nuair a cuireadh ‘un Lagáin é ‘n-a luspairt leinbh. Bhí sé lán óg le ghabhail imeasc na gcoimhthigheach dá mbéad ceart le fághail ach caidé ‘n neart a bhí air. Bhí sé ar thús teaghlaigh agus muirighín lag anuas uaidh. Iad ‘n-a gcomhnaidhe i gcró bheag, dhiblighe ar screabán ghortach. Dúil sa ghloine ag an athair agus dúil sa tae ag an mháthair agus beagan dúil ann a gnoithe ag ceachtar aca.
Rinneadh réidh an tachran bocht i dtús an gheimhridh agus cuireadh le comharsa bhéal dorais go margadh an tSráth-Báin é. Rinn sé fastá ar an deich a’s punnta ó Shamhain go Bealtaine, agus bá bocht an tuarasdal é go cionn shé mí.
An chead maidín b’eigean do éirghe ar an chuig ‘a chlog agus cuireadh amach a obair ‘n-a troscadh é. Bhí sin cruaidh i gceart ar ghasúr cosamhail le Murchadh, gasúr a bhí(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Gallchobhair
- Gender
- Female
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Informant
- Nóra Ní Ghallchobhair
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Age
- 54
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal