School: Rann na Feirsde

Location:
Rann na Feirste, Co. Donegal
Teacher:
Domhnall Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1064, Page 55

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1064, Page 55

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rann na Feirsde
  2. XML Page 55
  3. XML “Murchadh Buí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    cleachtuighthe le codladh go meadhon-lae. Nuair a bhí ‘acha’n chineal deanta aige fa’n teach scaoileadh amach scaifte eallaigh leis.
    Bhí lá fuar ann agus bhí brat sneachta ar an talamh. Nuair a fágadh an gasúr leis fhéin bhuail an chumhaidh é agus shuidh sé ag bun cloiche móire gur chaoin sé a sháith. Dar leis fhéin nach mbéadh sé beo sé mhí annseo. Dar leis fhéin go mbainfeadh sé an bealach amach i n-am.
    Teacht an tráthnóna d’fhág sé an t-eallach síos, siar agus tharraing sé siar ar luighe na gréine. Shiubhal sé leis go dtáinic an oidhche air. Chuaidh an ghaoth amach ‘n-a fairrge agus shéid sí níos láidre. Bhí an duine bocht fuar, tursach, ocrach. Bhí sé ag éirghe mall san oidhche agus gan teach ná cró le feiceail aige ar a amharc ná ar aéisteacht. Bhí sé ar seachrán fríd an t-sliabh agus bhí eagla air gur caillte a gheobhthaidhe é ar maidín. Bhí a uchtach caillte ach nuair a ba’ lúgha a bhí sé ag dúil leis chonnaic sé solas beag i bhfad uaidh. Fuair sé misneach annsin agus d’éirigh a chroidhe; d’éirigh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1250: Bringing Water from the Well
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Gallchobhair
    Gender
    Female
    Address
    Rann na Feirste, Co. Donegal
    Informant
    Nóra Ní Ghallchobhair
    Relation
    Parent
    Gender
    Female
    Age
    54
    Address
    Rann na Feirste, Co. Donegal