School: Rann na Feirsde

Location:
Rann na Feirste, Co. Donegal
Teacher:
Domhnall Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1064, Page 56

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1064, Page 56

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rann na Feirsde
  2. XML Page 56
  3. XML “Murchadh Buí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    sé éadthrom ar a chois agus tharraing sé ar an t-solas go bhfuigheadh sé loisdín na hoidhche.
    Nuair a tháinic sé go dtí an doras bhí bean ‘n-a seasamh istoigh agus dhá choinnil lasta aici, agus fear marbh ‘n-a luighe sa leabaidh-isteach leis a’ ghasúr go faiteach. Chuir an bhean a bhí istoigh ceist air cá raibh sé comh hantráthach seo san oidhche agus d’innis sé dithe go raibh sé ar seachrán fríd an t-sliabh. Annsin chuir sé ceist uirri caidé tháinic ar an fhear a bhí ar lár ná caidé ba’ chiall dithe a bheith istoigh leithe fhéin.
    “Ta”, ar’ sise, “bhí an duine bocht breóidhte le fada. Ceart go leor”, ar sise, “bhí comharsánaigh maithe agam, is iomaidh oidhche fhada a shuidh siad go maidín agam, ach ní nach iongnadh d’éirigh siad tursach, ní thiocfadh leo fanacht agam ar fad agus sí an oidhche corr chuintíneach a fágadh liom fhéin mé a fuair an duine bocht bás. Anois ar’ sise, “ó thárla annseo thú an bhfanóchaidh tú istoigh go gcruinnigh mise na comharsanaigh.
    Bhí eagla ar an ghasúr fhanacht istoigh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1250: Bringing Water from the Well
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Gallchobhair
    Gender
    Female
    Address
    Rann na Feirste, Co. Donegal
    Informant
    Nóra Ní Ghallchobhair
    Relation
    Parent
    Gender
    Female
    Age
    54
    Address
    Rann na Feirste, Co. Donegal