Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)biadh cé bith cinea bídh a bhí ag gabhail san am.
Chuir Domhnall ceist ar a bhean an raibh aithne aici ar fear ar bith taobh shiar a bhí ionraice agus a dtiocfadh leithe focal a thabhairt as. Dubhairt sí go raibh fhios aici fear amháin.
"Tá's agam-sa fear thall annso i Rann na Feirsde a dtugann siad Domhnall Óg Ó Baoighill air. Tá aithne agus eolas agam air ó tháinic mé annso" ar seisean. "Thiocfadh leat-sa ghábhail siar agus iarraidh ar an fear shiar a theacht aniar le clap-sholas, agus rachaidh mise anonn agus iarrfaidh mé ar Dhomhnall Óg a theacht anall i dtráthaibh an ama chéadna"
Nuair a bhí an oidhche ag tuitim tháinic an bheirt fhear mar hiarradh orra. Rinneadh réidh béile bídh daobhtha agus nuair a bhí an biadh caithte aca thug siad leabtha dhá thaobhán maide agus chuaidh siad uilig síos go dtí an áit a raibh an clog i bhfolach.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Baoighill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Mícheal Ó Baoighill
- Gaol
- Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 38
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Donegal