Scoil: Rann na Feirsde

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Domhnall Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 177

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 177

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rann na Feirsde
  2. XML Leathanach 177
  3. XML “Domhnall Buaidheachta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Tógadh amach as an ghainimh í. Chuaidh Domhnall agus a bhean i gceann dithe agus chuaidh Domhnall óg agus Mac Gadthain as an taoibh thiar de’n tír sa cheann eile dithe. D’iomchar siad ó ghiota go giota í aníos go teach Dhomhnaill. Bhí seomra tógtha aige, fán am seo, suas as an chistinnigh a raibh urlár leacach ann.
    Tógadh cuid de na leacacha a bhí i lár an urláir agus thochail siad poll mór agus chuir siad an clog síos ann. Líon siad isteach an poll arais agus leag siad na leacacha isteach ann an áit fhéin araist san dóigh nach n-aithneóchadh duine ar bith gur leagadh lámh air.
    Nuair a bhí seo deanta aca bhí an mhaidín ann. Rinn bean Dhomhnaill réidh biadh agus nuair a bhí an biadh caithte aca thug Domhnall óg Ó Baoighill agus Mac Gadthain a n-aghaidh ar a’ bhaile.
    Ar a theacht isteach ‘un toighe do Dhomhnall óg bhí a bhean ‘n-a suidhe ag fuireacht leis agus gan fhios aici faoi rothaibh na greine ca h-áit a deachaidh sé ná níor leig sé ‘ar a anál
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Bríghid Ní Baoighill
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Mícheal Ó Baoighill
    Gaol
    Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
    Inscne
    Baineann
    Aois
    38
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall