School: Éadan Anfaidh (roll number 10166)
- Location:
- An tÉadan Anfach, Co. Donegal
- Teacher: Gráinne Ní Éagrain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bhí bean an ghabhann ag éisteacht ar fad agus ní thiocfadh léithe coingbheailt aicí fhéin ní b'fhuide. Cuiridh sí amach a ceann agus ars sise: "Nach iongantach na 'Cú-na-h-Adhairce', a tugadh ort in áit Cú Chulainn?"
Bhí greim ag Cú Chulainn ar chasúr an ghabhann an fhad a bhí sé ag éisteacht an sgéil. Le tréan na feirge a bhí air anois chaith sé an casúr ar an mhnaoí agus rinne cilpín dí. Amach ar an dorus leis de léim.
Deirtear da bhfuigheadh Cú Chulainn céad an sgéal sin a chríochnughadh go m'bhé an sgéal é a b'fheárr da'r h-innseadh ariamh ach chuir bean an ghabhann deireadh leis an lá sin agus chár innis Cú Chulainn é ariamh ní ba mó.
Chuaidh siadsán an t-Áth
Mise an clochan,
Báitheadh iadsan
Agus thainig mise.- Collector
- Gráinne Ní Éagrain
- Gender
- Female