School: Éadan Anfaidh (roll number 10166)
- Location:
- An tÉadan Anfach, Co. Donegal
- Teacher: Gráinne Ní Éagrain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Éadan Anfaidh
- XML Page 383
- XML “Mághnus Ó Maolagáin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Mághnus O MaolagáinBhí sin ann i bhfad oshoin agus ibhfad oshoin fhéin é. Bhí fear na chómhnuidhe amuigh annsin ar an Mín Mhóir a dtugadh siad Mághnus O Maolagáin air. Ní rabh aige ach a mhathair agus os rud é go rabh sise ag éirigh aosta anshasta ba mhinic a d'iarradh sí ar Mhághnus amharc thart agus cuideadh a fhághail. Ach bhí barraidheacht dúil sa tsiubhal ag Mághnus agus deireadh sé le na mhathair i gcómhnuidhe go rabh sé in am go leór go fóill le na bhacan a sháthadh. Ní rabh gar de'n tsean mhnaoi a bheith ag cainnt leis.
Bhí go maith 'sní rabh go h-olc go dtainig oidhche Shamhna amháin agus go dteachaidh Mághnus agh áirneál mar do ghnídheadh achan oidhche o Aonach an Fhóghmhair go Lá Beáltaine. Ag gabhail thart le taoibh an liosa a bhí taoibh thoir de'n teach do shíl sé gur chualaidh sé callán istigh san lios. Chuaidh sé níos(continues on next page)- Collector
- Gráinne Ní Éagrain
- Gender
- Female