School: Éadan Anfaidh (roll number 10166)
- Location:
- An tÉadan Anfach, Co. Donegal
- Teacher: Gráinne Ní Éagrain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Colm Cille agus Loch-na-mBradán.Nuair a bhí Colm Cille ar an tsaoghal seo bhí sé ag gabhail thart le taoibh Loch-na-mBradán lá amháin. Thainig an ocras air. Chídh sé teach beag ar bhruach an locha agus tarraingidh sé air, ag dréim go bhfuigheadh sé greim agus bolgam ann a bheirfeadh giota eile é.
Chonnaic bean-a'-tíghe ag teacht é agus ar' léithe fhéin, chá dtabhairim a'n ghreim de'n bhradan atá san phota dó; béidh sé beag go leór agam fhéin agus ag fear-a'-tíghe.
Isteach le Colm.
"A bhean mhodhamhail," ars seisean, "tá fear-gortach orm, ar mhisde leat trágha bídh a thabhairt damh?"
"Chan fhuil a'n greim bídh faoi bhallai an tighe," ars sise.
"Caidé tá san phota," ars Colm?
"Uisge galach," ars sise, "tá mé gabhail(continues on next page)- Collector
- Gráinne Ní Éagrain
- Gender
- Female