School: Éadan Anfaidh (roll number 10166)

Location:
An tÉadan Anfach, Co. Donegal
Teacher:
Gráinne Ní Éagrain
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1050, Page 398

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1050, Page 398

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Éadan Anfaidh
  2. XML Page 398
  3. XML “An Scéal is Fearr dár hInsíodh ariamh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An Scéal is Feárr dar h-Innseadh ariamh.
    Bhí sin ann ibhfad oshoin agus ibhfad oshoin fhéin é. Nuair a bhí Cú Chulainn ar an tsaoghal seo ba ghnáthach leis a dhul fhad le gabha a bhí ins an áit achan trathnóna go dtí go bhfuigheadh sé a chlaidheamh agus a thuagh géaraighíste. Fhad agus bhíodh an gabha ag cur béil ina gléasaraidhe troda dó bhíodh Cú Chulainn ag innse sgéaltai do'n ghabha. Bhí an fhuath ag Cú Chulainn ar mhnáibh agus lá ar bith a mbíodh bean an ghabhann ag éisteacht ní innsigheadh an gaiscidheach sgéal ar bith.
    Trathnóna amháin ar sgór ar bith, ars Cú Chulainn: "Amárach innseochaidh mé sgéal duit a chuirfeas clár ar do chluais. Níor h-innsigheadh sgéal ariamh i mbaile nó in áit cosamhail leis, agus níor innis mé
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. Cú Chulainn (~40)
    Language
    Irish
    Collector
    Gráinne Ní Éagrain
    Gender
    Female