School: Éadan Anfaidh (roll number 10166)
- Location:
- An tÉadan Anfach, Co. Donegal
- Teacher: Gráinne Ní Éagrain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Colm Cille agus an Dá MhnaoiBhí Colm Cille ag siubhal amuigh lá garbh gaoitheach. Caidé rinne ach an rópa a rabh a chuid leabharthai ceangailte leis briseadh agus sgab na leabharthai soir agus siar.
Thainic bean thart agus thoisigh sí chuideadh le Colm a chuid leabharthai a cruinniughadh. Nuair a bhíodh cupla ceann cruinnighthe aici d'fhágadh sí uaithe iad agus d'imthigheadh a chruinniughadh tuilleadh. Ar philleadh dí bhíodh na cinn a bhí cruinn aici sgabtha arais arís. Chá rabh dul aici maith a dheánamh.
Thainic an dara bean an casán. Siúd 'ise fosta a chruinniughadh na leabhar. Nuair a gheibheadh sí seo cupla leabhar i gceann a chéile d'fhágadh sí uaithe iad, chuireadh cloch ina mullach agus as go bráthach léithe ar thóir na codach eile. I bhfaiteadh na súil bhí iomlán(continues on next page)- Collector
- Gráinne Ní Éagrain
- Gender
- Female