Scoil: Éadan Anfaidh (uimhir rolla 10166)
- Suíomh:
- An tÉadan Anfach, Co. Donegal
- Múinteoir: Gráinne Ní Éagrain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Éadan Anfaidh
- XML Leathanach 351
- XML “Ard Rí na gCros”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sé dadai agus d'fhiafruigh sé de'n chaillighe ar mhisde leithe fanacht go dtí lá-thar-na-bhárach.
"Maith go leór," ars an Chailleach.
Bhain Fionn an baile amach. Nuair a shroich sé é shuidhe sé ar stól agus rinne sé osna agus sgoilt an stól 'na dhá leath faoi.
"Rí na bFian faoi gheasa," ars Conán ag buaileadh a dhá bhois ar a chéile.
"Bí do thost" ars na fir eile leis, "cé chuirfeadh an Rí faoi gheasa?"
"Och, tá an ceart aige faraor!" ars Fionn, ag toiseacht agus ag innse dóbhtha mar d'innis mise díbhse.
"Is maith a rinne tú í fhágailt saor ar gheasa go bhfuighfea mo chómhairle 'se ars Conán. "Anois," ars seisean, "nuair a rachfas tú na coilleadh amárach cuir ise faoi gheasa a bheith i mbárr an chrainn is aoirde san choillidh go dtigidh tusa arais, agus gan a'n ghreim bídh a bheith aici ach de réir mar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Gráinne Ní Éagain
- Inscne
- Baineann