Scoil: Éadan Anfaidh (uimhir rolla 10166)

Suíomh:
An tÉadan Anfach, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Gráinne Ní Éagrain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 352

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 352

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Éadan Anfaidh
  2. XML Leathanach 352
  3. XML “Ard Rí na gCros”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    shéidfeas an ghaoith gráinín cruithneacht amach as póta ar bhárr crainn amháin isteach i bpota uisge bhréin i mbárr crainn eile agus amach as sin isteach ina béal."
    Le glanadh an lae maidin lá-thar-na-bhárach bhí Fionn ins an choillidh agus casadh an chailleach de.
    "Tug do breith a Fhinn Mhic Cúmhaill" ars sise.
    "Cuirim'se thusa faoi gheasa droma draoidheachta" ars Fionn, "do cheann, do chosa agus do choimhead beatha a bhaint díot muna bhfanaidh tú i mbárr an chrainn is aoirde san choillidh go dtigidh mise arais agus gan a'n ghreim bídh a beith d'á fhághail agat ach de réir mar shéidfeas an ghaoith gráinín cruithneacht amach is pota i mbárr crainn amháin isteach i bpota uisge bhréin i mbarr crainn eile agus amach is sin isteach ann do bhéal."
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Gráinne Ní Éagain
    Inscne
    Baineann