Scoil: Éadan Anfaidh (uimhir rolla 10166)
- Suíomh:
- An tÉadan Anfach, Co. Donegal
- Múinteoir: Gráinne Ní Éagrain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Éadan Anfaidh
- XML Leathanach 322
- XML “Na Trí Chomhairle”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an fhir-paca agus bhí cuma ar an bhreitheamh go bhfuigheadh sé corthach é. Annsin sheasuigh an feirmeóir suas agus ars seisean:
"Tá fear annseo a bhfuil cupla focal le rádh aige i leith fhir-an-phaca."
"Taradh sé un tosaigh," ars an breitheamh.
Ar aghaidh le Nial agus d'innis sé an sgeal ó thús go deireadh mar d'innis mise díbhse. Thaisbean sé an giota beag a gheárr sé as cóta an fhir do'n bhreitheamh. Tugadh aníos an fear; bhí an cóta ceadna air a bhí air an oidhche a rinne sé an dúnmharbhadh agus d'fhóir an giota beag go deas le a bhfaca tú ariamh isteach san bhearnaigh. Leigeadh fear-an-phaca saor agus tugadh breitheamhnas a chrochta ar an diúlach. Bhí an bhuidheachas ag fear-an-phaca ar Nial.
Gan mhoill 'na dhiaidh sin chuir(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Gráinne Ní Éagrain
- Inscne
- Baineann