Scoil: Éadan Anfaidh (uimhir rolla 10166)
- Suíomh:
- An tÉadan Anfach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Gráinne Ní Éagrain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Éadan Anfaidh
- XML Leathanach 321
- XML “Na Trí Chomhairle”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)roimhe nó shíl sé nach bhfeicfeadh sé níos mó é. An oidhche cheadna sin d'innis Nial de'n feirmeóir fa'n chómhradh a chualaidh sé i gcruaich an chochain.
"In am a thainic tú," ars an feirmeóir ag buaileadh a dhá bhois ar a chéile. "Ta'n fear paca sin le trial amárach i Leithbhearr agus tá bean an tseanduine agus an fear ar chualaidh tusa í ag cómhradh leis le bheith annsin le mionadh air; tá'n bheirt pósta le seachtmhain. Tá'n eagla ar achan nduine go gcrochfar fear-an-phaca. Caithfidh muid dhul annsin le na shábhail."
Nuair a thainic ball-bán ar an lá d'imtigh an feirmeóir agus Nial ag tarraingt ar Leith-bhearr. Bhí an chúirt 'na suidhe agus isteach leó. Chá rabh sé ibhfad gur sgairteadh cás mharbha an tseanduine. Ceistigheadh na fiadhnaisí go léir agus mhionnuigh an lanamhain nua-phósta go bog agus go cruaidh in éadan(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Gráinne Ní Éagrain
- Inscne
- Baineann