School: Éadan Anfaidh (roll number 10166)
- Location:
- An tÉadan Anfach, Co. Donegal
- Teacher: Gráinne Ní Éagrain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Éadan Anfaidh
- XML Page 308
- XML “Cailleach na nAdharc”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bhall uirnéis d'á bhfuil san teach faoi, dóirt uisge na gcos amach sa dorus agus cuir ceann an mhaide bhriste isteach sa teine."
Isteach le bean-a'-tíghe agus ars sise: "Tá binn an liosa ar theine."
Chaith gach bean uaithe cé bith bhí sí a dheánamh agus amach ar an dorus leó uilig agus gach bean ag caoineadh agus ag béicfidh: "Dóighfear mo leanbh; dóighfear mo leanbh."
Chomh luath agus fuair bean-a'-tíghe amuigh iad, rith sí agus chuir an "bolt" ar an dorus. Chuir sí annsin, béal an phota mhóir faoi, béal an stópa faoi, béal an phigín faoi agus béal gach rud eile faoi. Dhóirt sí uisge na gcos amach san dorus agus sháith cheann an mhaide bhriste isteach san teine.
Chá rabh sé ibhfad go dtainic an trup go dtí'n dorus; bhí na Cailleachaigh arais agus iad ar mire le feirg fa'n chleas a h-imearadh ortha. Bhuail siad ar an dorus, agus dubhairt:(continues on next page)- Collector
- Gráinne Ní Éagrain
- Gender
- Female