Scoil: Teileann

Suíomh:
Teileann, Co. Donegal
Múinteoir:
Leon Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 275

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 275

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Teileann
  2. XML Leathanach 275
  3. XML “Síscéal”
  4. XML “Scéal fá na Fianna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    duthe bhí sí sgartha d' na sidheógai annsin. Ón lá sin amach tugadh Maloidh an Single ar an aít ó chaolaidh an bhanaltra an tormán uaidh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhí sin ann agus is fada ó bhí. Nuair a mhair na Fianna i n-Éirinn bhíodh na n-oidhcheanntaí an fhuar san gheimhreadh. Oidhche amháin nuair a bhí na Fianna uilig na luighe chualaidh siad an tormán ag an doras. Chuaidh Fionn fhad leis an doras agus d'iarr ar an duine a theacht isteach le sin shiubhail an t-seanbhean a ba ghráice a chonnaic sé ariamh isteach. D'fiafruigh sé díthe caidé bhí ag cur bhuadhartha oirthí. Dubhairt sise go rabh dídean na h-oidhce a dhith oirthi ach dubhairt Fionn nach dtabhairfeadh seisean dídeán ar bith díthe agus thiontuigh sé amach í. Thúsaigh sí a chaoineadh annsin agus gcionn cupla bomaite eile thainig sí arais agus bhuail ag doras Oisín. Chuaidh Oisín fhadh leis an doras agus d'iarr oirthí a theacht isteach. Thainig an t-seanbhean isteach agus nuair a chonnaic Oisín an cineál mná a bhí innte d'fhiafruigh sé díthe go feargach caidé bhí a dhith oirthe. Dubhairt sí go rabh dídeán na h-oidhche a dhith oirthe acht dubhairt Oisín nach rabh dídeán ar bith le fághail aice agus thionntaigh amach í. I gcionn tamaill thainig sí arais agus bhuail ag doras Dhiarmada.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. Fianna (~595)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Séamus Ó h-Eochaidh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Cheapach, Co. Donegal