School: Mucros (roll number 5364)
- Location:
- Mucros, Co. Donegal
- Teacher: Aodh Ua hEigeartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mucros
- XML Page 246
- XML “Paidreacha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)mo chás maidin agus tráthnóna. Tobar na h-aire agus sailte na ndeór, ar uair mo bhás tabhair mo anam bFlaithis.
Deireadh an sagart an paidir sin fad o shoin nuair a bhéadh sé ag cuir na scabaill ar na daoine.
(3) “Do codladh atá tú a mháthair?” “Ní hé a mhic acht Aisling a rinne mé ort sa aréir. Go rabh tusa do cheangal le rópa caol cruaidh. Táirghní ghábhail i mbonnaibh do dhá chos agus i gcroidhtheacha do dhá bhois. Coróin spíonna ar do cheann agus crig nimhe a gábhail fríd do croidhe agus do chuid fola fíor uaisle ag éirigh anáirde agus ag tuitim ar an talamh síos.
(Sin Aisling a rinne máthair Dé agus tá sé le rádh am ar bith is mian le duine é a rádh)(4) I gCuimhne na gcúig n-arán agus an dá iasg a rann Dia ar an chúig míle daoine. Rath an Ríogh go dtigidh Uaidh ár ar gcuid agus ár gcomhnuidhe. (Sin altughadh a deireann na daoine roimh bidh oidhceanna Chinn Féile.)(5) Tá ceithre cóirnéail ar mo leabaidh. Aingle Dé go rabh innte scabtha. Ma gheibim bás roimh an maidin Flaitheas De go rabh mo leabaidh.
(Deirtear an paidir ag dul aluighe dúinn.)- Informant
- Brighid Nic Amhlaoidh
- Relation
- Unknown
- Gender
- Female
- Age
- 40
- Address
- Cill Charthaigh, Co. Donegal