School: Mucros (roll number 5364)

Location:
Mucros, Co. Donegal
Teacher:
Aodh Ua hEigeartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1043, Page 235

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1043, Page 235

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mucros
  2. XML Page 235
  3. XML “Scéal fá Chnapastún”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    d’fág an fear a diarr Cnapastún air gan a áit a fhágail d’fág sé é agus h-aithnigheadh Cnapastún. Ach ní rabh fhios ag na daoiní cé’r bhé an duine. Buaileadh an liathróid arais in aice báirí bhunadh Mhucrois agus go díreach nuair a bhí an liathróid ag an bháire. Ar a bhomaite thoisigh na gártha shuas i Malaidh Na Bruighne. Dimir siad leó ach bhí imirtheóirí Chille Cartha ag cailleadh go mór.
    Nuair a stad an cluiche bhí imirtheóirí Cille Cartha ocht mbáire buailte. Tugadh bonn ór do gach duine de imirtheóirí Mhucrois. Cupla mí ‘na dhiaidh sín bhí Cnapastún agus a chuid sídheóg ag dhul anonn go Connacht lé cogadh a chuir ar sídheógaí Connachta. Diarr sé ar dhuine de imirtheóirí Mucrois dul leis ach ní rachadh sé. Dubhairt Cnapastún leis an fear go mairbhfidhe eisean i gConnacht muna rachadh seiseán leis. Ach ní rachadh an fear. Agus dubhairt Cnapastún leis “Ar maidin imbárach amharc tusa ar do bhonn óir agus ma bhíonn sé ina ór go fóill béidh mise beoh ach ma bhíonn sé ina iarann béidh mise marbh”. Diarr sé ar dhuine eile dé bhunadh Mhucrois dhul leis annsin, ach ní rachadh seisean ach oiread agus dubhairt Cnapastún leis. “Ar maidin imbárach tar thusa go dti an tobar seo agus ma bhíonn sé ina fhuil béidh mise marbh ach ma bhíonn sé glan béidh mise beó. An maidin na dhiaidh sin tháinic an fear go dtí an tobar ach bhí an t-uisge ‘na fhuil. Bhí Cnapastún marbh. An maidin sin fosda nuair a d’amharc
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Séamus Ua Míodhacháin
    Relation
    Unknown
    Gender
    Male
    Age
    56
    Address
    Cill Charthaigh, Co. Donegal