School: Mucros (roll number 5364)
- Location:
- Mucros, Co. Donegal
- Teacher: Aodh Ua hEigeartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mucros
- XML Page 217
- XML “Seanfhocla”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)(43) An rud a gheibtear go réidh ní shiltear dadaidh de.
(44) Má tá adh ar bith ann is é an cos siubhal a gheobhas é.
(45) Is ar mhaithe leis fhéin a gnídheas an cat crónán.
(46) Bean gan páiste, bean gan leith – sgéal.
(47) Is fearr greim coinín nó dhá greim cat.
(48) Dá gcuirfeá spéis ins an Carn – aoiligh níor léar duit a dúlagán.
(49) Níor léigheadh ariamh cé aca a bfearr, luathas nó mall; acht bheith i n-am ag Aifreann Dé.
(50) té nach bhfuil ní folair dó bheith glic.
(51) Fear gan cainnt fear gan airgead.
(52) Is bocht an rud a bheith ró-sanntach.
(53) Ní dheanfáidh cainnt cásóg.
(54) Is fusa a rádh na a dheánamh.
(55) Muinnteardhas muice do charnán phréataí.
(56) Is ionann le cheile ball seíre a’s a ghiolla.
(57) Trí nídh gan mhait.
Portach ar sliabh.
Coill i bhfad uait agus
Ciall i gceann duine bhoicht.
(58) ‘Gach aon mar oiltear é : da dtógtaí i mbachta mónadh is ann a bhfearr leath a beith’
Bhí gasúr beag sean aimseardhá ina comhnuidhe ar na Caislíni fad ó shoin. Dimthigh sé o bhaile agus nuair a tháinig sé arais bhí muinntir na h-áite ag fiafruigh dé ce’n dóigh ar taitín an áit leis. Dubhairt an gasúr : “Gach aon mar oiltear é, da dtogtái i mbachta monádh is ann a b’fearr leat a beith”.- Informant
- Tomás Ua hÁsgáin
- Relation
- Unknown
- Gender
- Male
- Age
- 57
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Cill Charthaigh, Co. Donegal