School: Mucros (roll number 5364)
- Location:
- Mucros, Co. Donegal
- Teacher: Aodh Ua hEigeartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ón teach d'iarr an fear ar an sean-chapall léim a thabhairt thar geafta. Ní rabh an sean-chapall ábalta sin a dhéanamh. Scaoil an fear é. "Cén fáth a dtearn tú sin," ars an cailín. "Gnídhim sin leis an uile seort nach ndéanann cibé iarrfas mé air," arsa seisean. Chuaidh siad isteach go dtí an teach agus shuidh an cailíin suas ins an chóirneal agus ní dhearn sí a dhath go h-oidhche.
Rinneadh an suipéar rud ach níor tugadh aon ghreim do'n chailín. D'imthigh siad a luighe. Ar maidin nuair a d'éirigh sí bhí sí marbh leis an ocras. Rinneadh réidh an bricfeasta ach níor thugadh aon ghreim do'n chailí˜. D'imthigh an fear amach a seilg. Bhí an cailín bocht lag le h-ocras. Bhí an sean-bhean a bhí ins an teach ag cardáil. Nuair a chonnaic an cailín nach rabh sí ag fághail aon rud le h-ithe. D'éirigh sí, fuair greim ar na cárdaí agus thoisigh an cárdáil. Nuair a chonnaic an sean-bhean an cailín óg ag obair rinne sí réidh dinnéar maith dithí. Ó'n lá sin go dtí an lá a fuair sí bás bá mhaith an oibridhe í.
Lá amháin tháinic athair an chailín le h-amharc goidé mar bhí a inghean ag fághail ar aghaidh bhí sise ag déanamh bracháin. Shuidh a athair in aice na teineadh. "Seo duit a athair," arsa sise. "Corruigh an brachán seo nó muna mbíonn tú ag obair ins an teach ní bhfuigidh tú aon ghreim le h-ithe."- Informant
- Pádraig
- Relation
- Unknown
- Gender
- Male
- Age
- 67
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Cill Charthaigh, Co. Donegal