Scoil: Straleel (uimhir rolla 16033)
- Suíomh:
- Srath Laoill, Co. Donegal
- Múinteoir: Brian Ó Breisleáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Nuair a tháinig an marcach fhad leobhtha. Thuirling sé d’á bheathach. D’fiafruigh sé do (na) Fionn cá raibh siad ag gabhail. D’innis sé do caidé mar bhí. D’fiafruig an marcach dó ar mhaith leis éisean a beith leis. Dubhairt Fionn gur mhaith. Tharraing an marcach amach a shláitin draoidheachta agus rinne sé carraig cloiche dó a bheathach fhéin agus, carraig cloiche eile do Tón Iarainn agus d’imthigh sé fhéin agus Fionn leobhtha ag coisidheacht. D’innis an marcach dó Fionn go raibh sisean in a mhac ag Righ na tíre thior. D’innis sé dó fosta gur b’é an tainm a bhí air san An Fear Ruadh. D’imthigh Fionn agus an Fear Ruadh leobhtha. Dubhairt an Fear Ruadh go raibh triobloid mhór riompa anois. D’imthigh siad leobhtha go dtainig siad fhad le gafta a bhí ag gabhail thart le eibhlis. Chaith an Fear Ruadh giota beag iarainn air agus stad sé.
Bhí siad ag siubhal leobhta ar feadh trí lá agus trí oidhche. Ins an deireadh tháinig siad ar amharc theach an Riogh. Nuair a bhí siad comhgarach de theach an Riogh tháinig teacht ó’n Righ ag siad nach dtiocfadh leobhtha an Ríogh a fheiceáil anocht. Chuir an teachtaire an bheirt aca isteach i dteach a raibh móran amhaois. An oidhche sin chuir Fionn ag síos teine le biadh a dheanamh reidh. Nuair a bhí Fionn ag obair leis an teine chonnaic an Fear Ruadh lámh ag teacht anuas ó’s cionn Fionn. Tharraing an Fear Ruadh a chlaidheamh agus ghearr sé an lámh. Bhí an Fear Ruadh ag caitheamh giota beaga iarain(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Dhochartaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Charraig, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Éamon Ó Gallachobhair
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 75
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Killybegs, Co. Donegal