School: Árd an Rátha (roll number 1733 or 12242)

Location:
Ard an Rátha, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Caiside
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1041, Page 295

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1041, Page 295

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Árd an Rátha
  2. XML Page 295
  3. XML “Séamus agus a Bhean”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear (ann) agus bean ann i bhfad ó shoin. Sighle an t-ainm a bhí ar an mhnaoi agus Séamas ar an fhear. Bhí mac amháin aca agus nuair a d'éirigh sé mór chuaidh sé go Sasain. Bhí sé 'na chomhnuidhe ag an Rígh ag obair dó. Annsin thuit sé isteach le inghean an Righ. Dubhairt an Righ nach bpósfadh sé a inghean go bhfeicfead é féin caidé 'n cineál tighe a bhí ag a bhunadh i nÉirinn.
    Chuir an Rí beirt fhear anonn go hÉirinn ar dhá chapall agus nuair a tháinig siad isteach an tighe bhí póta [pota?] préata ar an teinidh. Bhí gabhar bán ar taobh an tighe, bhí gabhar dubh ar an taobh eile. BhI Síghle na suidhe ar leic na teineadh agus bhí an teach an salach agus dubh. Thóg an fear na préataí agus chaith sé amach an t-uisge, aníos leis agus chaith na préataí i nucht na mná agus thoisigh siad ag ithe. Chuaidh an fear síos leis an dreisiúr agus fuair sé dhá bhamhall bláthaighe agus d'ól siad é.
    Annsin thigeadh an gabhar bán fhad leis na préataé agus thigeadh an gabhar dubh na dhiaidh. Nuair a bhí siad réidh chuaidh an fear amach agus bhí poll beag uisge taobh amuigh de'n doras agus nigh sé a lámha agus thriomuigh sé iad in a chóta a dhruim. Amach leis an dá fhear agus ar shiubhal leobhta. Nuair a chuaidh siad isteach i dteach an Righ dubhairt siad "ar a ndul isteach an tighe dúinn bhí siad ag ithe ar thabla an dheas agus bhí dubh agus bán ag fanacht ortha. Nuair a bhí siad réidh nigh an fear a lámha i méis óir a ba deise dá bhfaca sinn ariamh. Annsin thriomuigh sé a lámha le héadach síoda" Creid an Rí iad agus pósadh an lánamhain.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1455: The Hard‑hearted Fiancée
    Language
    Irish
    Collector
    Cáit Ní Sheibhlin
    Gender
    Female
    Age
    c. 11
    Address
    Tullycleave Beg, Co. Donegal