School: Árd an Rátha (roll number 1733 or 12242)
- Location:
- Ard an Rátha, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Caiside
![The Schools’ Collection, Volume 1041, Page 285](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1041%2FCBES_1041_285.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 1041, Page 285
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)An Dobharchú agus an Chú Dhubh
Chuaidh Éireannach uair amháin go tír na Lochlannach. Nuair a thainig sé dé'n bád chuaidh sé 'fhád le teach bheag in a rabh sean-dhuine agus a mhac 'na gcomhnuidhe. Rinne an mac cráthadh láimhe leis an Éireannach taobh amuigh dé'n teach agus dubhairt sé go rabh a athair dall 'na shuidhe ag an teinidh agus nuair a bhéarfadh sé a lámh do go ndeanfadh sé conamur dí le tréan fáilte roimh an Éireannach. Thug an mac cnámh cos capaill dó agus d'iarr sé air an cnámh a thabhairt dó'n tseanduine in áit a láimhe.
Nuair a chuaidh an t-Éireannach isteach dubhairt an mach leis a athair gur seo Éireannach. D'éirigh an t-athair fa choinne cráthadh láimhe a dhéanamh leis acht thug an t-Éireannach an cnámh dó in áit a láimhe. Theann an sean duine ar an chnámh gur bhain sé an blúrascidhe? amach as. Shíl sé gurab í an lámh a bhí aige. D'fhan an t-Éireannach ag an tsean duine agus a mhac ar feadh dtrí lá agus trí n-oidche. Nuair a bhí sé ag dul ar shiubhal arsa an sean duine leis "nuair a rachfas tú go hÉirinn tóg suas cú dhubh gan aon bhall bán innti go m bidh sé bliadhain agus lá. Caithfidh tú í a thógailt i ndorchadhas gan solus gréine no géalaigh. Ar a léitheadh seo lá tabhair go bruach a leitheadh seo locha. Éireochaidh dobharchú amuigh ins an loch agus tiocfaidh sí isteach go dtí an bruach agus nuair a chidhfis tusa í ag teacht isteach rith ar siubhal. Ní rachaidh an chú ar shiubhal. Sheasfaidh sí roimhe an dobharchú agus mairbhfidh an chú í. Nuair a bhéas an dobharchú marbh tabhair annsormsa í go dtí tír na lochlannach.
D'imthigh an tÉireannach 'na bhaile thóg sé an chú agus rinne sé gach uile sheort a d'iarr an seanduine air. Thárlaidh mar a(continues on next page)- Collector
- Donnchadh Mac A' Ghoill
- Gender
- Male
- Age
- 13
- Address
- Gleann Gheis, Co. Donegal