School: Brackey (roll number 3500)

Location:
Bracky, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig S. Mac a' Ghoill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1041, Page 111

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1041, Page 111

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Brackey
  2. XML Page 111
  3. XML “An Pléiseam - Leagan Eile - Ruaidhrí O Dáibhid”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    an cheann den cineal ariamh. Dubhairt sise go ndeánfadh Ruaidhrí an muilleann, agus d’iarr an Rí uirtí Ruaidhrí a chur anall go bfeicfeadh sé é. Chuaidh an bhean abhaile agus d’innis do Ruaidhrí gur chuir an Rí sgéala fa na choinne. “Caidén gnoithe ‘tá aige liom”, arsa Ruaidhrí. “Níl fhios agam”, a dfreagair a bhean, “acht thiocfadh dó go bhfuil sé a dul a thabhairt airgid dúinn seocair sinn a bheith comh bocht”.
    Chuaidh Ruaidhrí fhad leis an Righ. “Caidén gnoithe tá agat liom”, arsa seisean. D’innis an Rí dó go rabh aige le muilleann a tógail “a scillfead, a mheilfead agus a sácadh le cheile”. Ní thig liomsa dadaidh den chineal a dheánamh, arsa Ruaidhrí. “Níor thóg mé an mhulleann ariamh”. Tá fhios agam go dtig leath a dheánamh” arsan Rí, agus nuir dtéidh tú i gcionn oibra gan moran moille cuirfidh mise un báis tú”. “Níor chuir mé cloch i gcionn cloiche eile ariamh”, arsa Ruaidhrí, agus duine ar bith a dhamharcochadh ar an teach binne fod a bhfuil mé mo chomhnuidhe ann d’aithneochadh sé nac fear cairde mé”. “Na bíodh níos mo cainnte fa dtaoibh do”, arsan Rí, chiochfar thú mar ndeánaidh tú é”.
    Brónach go leór a bhí Ruaidhrí ar a bhealach ‘na bhaile. D’innis sé da bhean caidé mar bhí an chúis, agus leig sise uirthí go rabh a croidhe a briseadh le buaidhreadh. Ní thig liomsa fanacht fen áit”, arsa Ruaidhrí, na cuirfear ‘un báis mé. Caithfidh mé an áit a fhágail go deó. Deán tuirtín arain damh go rabh mé ag imtheacht. Rinne a
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish