School: Cruach (roll number 15931)

Location:
Croagh, Co. Donegal
Teacher:
Séamus Mac Duibhir
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1038, Page 106

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1038, Page 106

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cruach
  2. XML Page 106
  3. XML “Siógaí Dhún Gheanainn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear den na fíannaibh ann i bhfad ó shoin a dtugadh siad Síogaidhe Dhún Gheánnain mar ainm air. Rugadh é ar maidin, baisteadh ag an meadhon lae é agus d'imthigh sé a chuartughadh inghean Ríogh na hÉireann sa tráthnóna.
    Dubhairt sise leis nach bpósadh sí 'n fhear go bráth ach an fear a bhéirfeadh fios díthe caidé mar chaill Grúagach a' Ghaire a shiúl, a ubhall agus a gháire. Maidin lathar-na-mharach d'éirigh Síogaidhe agus níor stad sé go rabh sé ag toigh Grúagach a' Ghaire.
    D'fhíafruigh Grúagach dó caidé bhí sé a iarraigh agus dubhairt Síogaidhe go rabh sé ag iarraidh fastadh. Rinne Grúagach margadh leis annsin é a fhastadh go cionn lá agus bliadhain. Ní rabh le déanamh aige ach aire a thabhairt do thriúr ba iad a chuir amach ar maidin agus a chuir isteach arís sa tráthnóna. Fuair sé cárta leánna le na suipear agus builbhín pinghinn agus croicean sean geárran bán le luighe air.
    Má ba luaithe d'éirigh an lá cinnte ba luaithe na sin d'éirigh Grúagach a' Ghaire. Bhuail sé buille trom cos ar Síogaidhe agus d'iarr sé air bheith amuigh le na cuid ba. D'éirigh Síogaidhe agus fuair sé a bhricfeasta agus rinne sé réidh le imtheacht le na cuid ba. D'iarr Grúagach a' Ghaire air a bheith cinnte agus fánacht amuigh ar geál ó chuirt fathanaí a bhí ins
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Mollaidh Ní Ghallchobhair
    Gender
    Female
    Informant
    Máire Ní Ghallchobhair
    Gender
    Female
    Age
    15
    Informant
    Sean Gallchobhair
    Gender
    Male
    Age
    80
    Address
    Meenacloy, Co. Donegal