School: Eachléim (roll number 12373)
- Location:
- An Eachléim, Co. Mayo
- Teacher: Máire Ní Chróinín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)thruaigh duit is iomdha duine a chuaidh annsin agus níor tháinig duine ar bith arais." Caithfidh mé dul ann," ars an stócach.
Nuair a bhéas tú ag imtheacht ar maidin tá trí rud a bhéarfas mé dhuit - cú, agus beithidheach, agus madadh." Bhí sé ag imtheacht an lá ina bhárach go dtáinig an oidhche, agus eásadh isteach é ag sean-fhear. D'fiafruigh an sean-fhear dé cá raibh sé ag dul, agus dinnis dhó go raibh sé ag dul go dtí tobar dhéire an domhain. "Is mór mo thruagh duit" ars an sean fhear. "Is iomdha duine a chuaidh annsin, agus níor tháinig duine ar bith arais." Tá rud amháin agamsa a bhéarfas mé duit ar maidin - clog. Craithfodh tú é, agus nuair a aireóchaidh siad é sgaoilfear iad, mar an méid daoine a chuaidh annsin cheana tá siad ceangailte(continues on next page)